COMÓRADH 100 BLIAIN Ó RUGADH BRIAN Ó NUALLÁIN

first_imgTá stampa éisithe ag An Post chun comóradh a dhéanamh ar Bhrian Ó Nualláin nó Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen.Rugadh an t-údar agus iriseoir ar an tSrath Bán, i dTír Eoghain, ar an 5 Deireadh Fómhair na bliana 1911. Chaith sé a lán ama sa Ghaeltacht Thír Chonaill, go háirithe, sna Rosa agus d’fill sé go minic go dtí Tír Chonaill agus é ag obair i mBaile Átha Cliath san am sin.Bhí clú agus cáil air mar aorthaoir agus scríobh sé faoin am cleite Flann O’Brien ná At Swim-Two-birds agus The Third Policeman. Scríobh sé leabhar amháin sa Ghaeilge, An Béal Bocht. Ba é a dheárthair Micheál a tharraing an portráid de Bhriain atá ar an stampa (55c) atá éisithe ag An Post agus tá sé ar fáil ó irishstamps.ie. Chuir tús lena cholún grinn “An Crúiscín Lán” san Irish Times i 1940 faoin leasainm Myles na gCopaleen.Lena chois sin, scríobh sé i mBearla chomh maith agus bhí colún seachtainiúil aige go dtí go bhfuair sé bás i 1966. Bhí sé 56 bliana d’aois.Ag deireadh na seactaine, nochtadh plaic chuimhneacháin ar an theach a rugadh sé ag Bowling Green i Srath Bán leis an Ulster History Circle. COMÓRADH 100 BLIAIN Ó RUGADH BRIAN Ó NUALLÁIN was last modified: October 5th, 2011 by BrendaShare this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window) Tags:Bhrian Ó Nualláin nó Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen.last_img

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *